Page 12 - royal-times-16-17
P. 12
Causey Farm
Ag tús na bliana, chuamar ar thuras scoile go dtí
Causey Farm i gcontae na Mí leis na múinteoirí
Gaeilge. Shroicheamar Causey Farm ar a deich a
chlog. Lá álainn a bhí ann. Chaitheamar an mhaidin ag
bácáil. Bhí céilí againn sa halla ansin agus sheinn muid
an bodhrán freisin. Ina dhiaidh sin, chuamar ar thuras
timpeall na feirme agus chonaic muid na hainmhithe
ar fad. Chaitheamar roinnt ama ag crú na mbó. Bhí sé
greannmhar. Chuamar go dtí an portach agus léim
muid isteach. Bhíomar an-salach. Thaitin an turas go
mór le gach duine. Ba lá iontach é.
12 The Royal Times 2016-2017