Seachtain na Gaeilge 2019

Céiliúradh Seachtain na Gaeilge sa Scoil Ríoga idir an 11ú agus an 15ú Márta, 2019.  I rith na seachtaine rinneadh an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugadh seans do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhí ar siúl sa scoil.  Rinneamar cinnte go raibh deis ag na daltaí go léir blas den chultúr a fháil chomh maith.  Bíonn sé mar aidhm againn i gconaí sa scoil seo meon dearfach a chruthú i measc na ndaltaí, na múinteoirí ar fad agus na tuismitheoirí ó thaobh an teanga Ghaeilge í féin agus an chultúr Gaelach. Eagraíodh go leor imeachtaí i rith na seachtaine, Ceardlann rince, Tráth na gceist, Pop Up Gaeltacht, comórtaisí agus go leor rudaí eile.

Gaeilgeoirí na Seachtaine
Pop Up Gaeltacht
Comórtas na bpostaeir:
Buaiteoirí Tráth na gCeist
Winner of School Fáinne cup 2019 for excellence in Irish
Scoláireachtaí Gaeilge
Gaeilgeoirí na Seachtaine