Seachtain na Gaeilge 2019
Céiliúradh Seachtain na Gaeilge sa Scoil Ríoga idir an 11ú agus an 15ú Márta, 2019. I rith na seachtaine rinneadh an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus tugadh seans do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhí ar siúl sa scoil. Rinneamar cinnte go raibh deis ag na daltaí go léir blas den chultúr a fháil chomh maith. Bíonn sé mar aidhm againn i gconaí sa scoil seo meon dearfach a chruthú i measc na ndaltaí, na múinteoirí ar fad agus na tuismitheoirí ó thaobh an teanga Ghaeilge í féin agus an chultúr Gaelach. Eagraíodh go leor imeachtaí i rith na seachtaine, Ceardlann rince, Tráth na gceist, Pop Up Gaeltacht, comórtaisí agus go leor rudaí eile.
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/4-1024x552.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/1-1-1024x768.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/3-1024x990.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/2-1024x768.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/7-1024x747.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/6-1024x768.jpg)
![](http://www.royalschoolcavan.ie/wp-content/uploads/2019/03/5-1024x640.jpg)