Page 14 - royal-times-17-18
P. 14
Causey Farm
Ag tús na bliana, chuamar ar
thuras scoile go dtí Causey Farm
i gcontae na Mí leis na múinteoirí
Gaeilge. Shroicheamar Causey
Farm ar a deich a chlog. Lá
álainn a bhí ann. Chaitheamar
an mhaidin ag bácáil. Bhí céilí
againn sa halla ansin agus
sheinn muid an bodhrán freisin.
Ina dhiaidh sin, chuamar ar
thuras timpeall na feirme agus
chonaic muid na hainmhithe ar
fad. Chaitheamar roinnt ama ag
crú na mbó. Bhí sé greannmhar.
Thaitin an turas go mór le gach
duine. Ba lá iontach é.
14 The Royal Times 2017-2018